StrTiger Latest News The Team THz Imaging Participants Contacts

StBulletrTiger - cad é?

Bunús

Go luath sa bhliain 2001, tháinig CCLRC, Saotharlann Rutherford Appleton agus ESA ar an gcoincheap   le taighde cruthaitheach a dhéanamh ar bhealach nua.  Go bunúsach b’é a bhí i gceist ná go dtógfaí le chéile foireann saineolaithe ó bhrainsí éagsúla léinn in ionad lárnach taighde ina mbeadh fáil ar na háiseanna cuí le go bhféadfaí dul chun cinn suntasach a dhéanamh.  Bheadh sé riachtanach go mbeadh baill na fóirne seo tar éis iad fhéin a chruthú mar thaighdeoirí agus/nó mar innealtóirí a d’oibreodh go dícheallach ar thaighde áirithe ar feadh gearrthréimhse agus iad scartha ó “chora crua an tsaoil”.  Bheadh rath ar an obair mar go mbeadh an fearas ba dhéanaí ar fail maille le háiseanna, cumhacht ríomhaireach agus tacaíocht teicniúil.  Le taispeáint go néireodh le cur chuige , socraíodh go dtosófaí clár piolótach ina gcuirfí fadhb dhúshlánach theicneolaíoch le réiteach os comhair fóirne.  Chuideodh réiteach na faidhbe agus an teicneolaíocht a d’úsáidfí chuige le dul chun cinn suntasacha dhéanamh ar a bhfuil againn inniu.

 Bíodh go mbeadh an coincheap seo oiriúnach do gach bráinse den taighde cruthaitheach teicneolaíoch, díríodh an tionscnamh piolótach ar réim na n-aeróg.    Íomháthóir daite tonn-mhillimhéadarach ‘sea an tionscnamh moltach a nascann le chéile a lán réimsí den teicneolaíocht chruthaitheach, mar shampla an teicneolaíocht phlánach aerógach, an teicneolaíocht  plánach bhrathadórach, ábhair fhótatónacha bhanna-bhearnacha agus leictreonaigh chúltaobhacha mhiondealbhaithe.

 Rinne ESA dul chun cinnle gairid maidir lehábhairtherahertseacha fhótatónacha bhanna-bhearnacha agus  maidir le hábhair therahertseacha fhótatónacha bhanna-bheearnacha agus maidir le brathadóirí micra-innealdéanta terahertseacha tonatreoraithe.  Ar an mbunsraith nua seo ‘sea a chuirfidh and fhoireann chun oibre.


Adhmeanna StBulletrTiger

Modhanna nua taighde is forbartha ‘sea  a bhfuil sé mar aidhm aige forbairt tábhachtacha teicneolaíochta a chríochniú chomh tapaidh agus is féidir é.  Táthar den tuairim go gcailltear a lán ama is airgid ar an taighde reatha i ngeall ar riarachánis mhaorlathas agus dá bharr sin nach mbíonn fócas an taighde dírithe I gceartar chúrsaí teicniúla.  Go mion minic I láthair na huaire nuair a bhíonn tionscnaimh fhorbartha ag dul ar aghaidh, bíonn baill na fóirne forbartha scartha ó chéile in ionaid éagsúla rud a chuireann go mór le fadhbanna lóistíochta is tráthchláir.  Mar gheall ar chúramaíacadúla ní bhíonn aigne taighdeoirí áirithe dírithe I gceart ar thasc aon taighde.  ‘Sé an toradh a bhíonn air seo ná go gcuirtear moill gan gháar an tionscnamh agus nach gcóimhlíontar a aidhmeanna teicniúla.

Aithníonn  go gcuireann na fadhbanna seo agus cinn eile nach iad bac mór ar dhul chun cinn na teicneolaíochta agus an am céanna go gcuireann siad as do thaighdeoirí , bhainisteoirícláracha agus lucht úsáidte teicneolaíochta i gcoitinne.  Tá sé mar aidhm ag  deacrachtaí reatha eolaithe is innealtóirí a shárú tré iad a thabhairt go lárionad taighde áit a mbeidh an fearas riachtanach go léir, áiseanna agus infrastructúir ar fail dóibh.  Cuirfidh an socrú seo ar a gcumas díriú go hiomlán ar na fadhbanna teicniúla a réiteach.

 Seo a leanas bua-aidhmeanna :

Bullet A léiriú gur féidir le foireann lárnach taighdeóirí dul chun cinn suntasach a dhéanamh I mbrainse áirithe teicneolaíochta I mbeagán ama
Bullet  Buntreoracha a leagadh síos le go n-ullmhófar, lena ndéanfar agus lena sneasfar scéimeanna dá leithéid sa todhchaí
Bullet Pé fadhbanna a bhaineall le cur chuige  a aimsiú

StrTiger Latest News The Team THz Imaging Participants Contacts